Glais Bheagáin Teachín Dobharchú
Cóiríocht Áiseanna Treoracha Grianghraif Rátaí & Áirithintí

Áiseanna

Áiteanna le dul :

  • Caisleán, Gairdíní agus Páirc Náisiúnta Ghleann Bheithe
  • Teach agus Gailearaí an ealaíontóra Derek Hill i Mín an Lábáin
  • Ionad Cois Locha, Dún Lúiche
  • Ard an Rátha & Baile Dhún na nGall faoi choinne Bréidín agus Poirceallán Parian
  • Beanna Shliabh Liag
  • Dreapadóireacht ar an Earagail (740m) ó Dhún Lúiche
  • Dreapadóireacht ar an Mhucais (660m) ón Fhál Carrach
  • Siúlóid i nGleann Nimhe...
  • Turas báid chuig na hoileáin amach ón chladach ó Ailt an Chorráin nó ón Bhun Bheag
  • Go leor, leor iontas geolaíochta...

Díthocsainiúchán agus athnuachan fuinnimh...

  • Breathnaigh ar na róntaí, na dobharchúnna agus ar éin de gach cineál ó fhuinneoga agus ó ghairdín do theachín
  • Amharc ar éagsúlacht iontach flóra
  • Faigh aithne ar fhlaithiúlacht na Gaeltachta
  • Bain taitneamh as an iliomad tránna geala folmha
  • Cuirfidh luí gréine thaibhsiúil agus oícheanta réaltacha spéirghealaí tocht ar do chroí
  • Bíodh deoch agat i gceann de na tithe tábhairne áitiúla, go speisialta nuair atá Oíche Cheoil Traidisiúnta ar siúl
  • Tabhair cuairt ar Thábhairne Leo, baile Enya agus Clannad

Rudaí eile gurb fhéidir leat a dhéanamh sa cheantar ciúin spéiriúil seo :

  • Dreapadóireacht agus siúlóidí sléibhe
  • Snámh
  • Iascaireacht slaite ar loch agus abhainn (báid ar cíos)
  • Iascaireacht mara (trealamh le fáil ar cíos)
  • Tumadóireacht
  • Galf
  • Rothaíocht (rothair le fáil ar cíos)
  • Péintéireacht & líníocht
  • Bailiú Sliogéisc Cladaigh
  • Turais farraige :
    Árainn Mhór (uaimheanna, locha agus Teach Solais)
    Toraigh ( Rí agus scoil phéintéireachta i stíl bhunúsach)
    Gabhla ( loch agus ceantar láidir Gaeltachta)
    Inis Fraoich, Inis Mhic a' Doirn agus Inis Cú (áiteanna áilne do phicnic)

Ar scor ar bith, má tá tú dána agus fonn siúil ort, is ort a bheas an ríméad an uair a thiocfaidh tú trasna ar ghleann, ar chamas, ar inbhear nó ar chosán a bhfuil an chuma orthu go raibh siad ceilte riamh ó threoraí ar bith eile go dtí go dtáinig tusa sa tslí ! Is é an dóigh is taitneamhaí le do bhealach a dhéanamh thart trí Dhún na nGall ná ligint duit féin dul ar strae!


Dean teaghmhail le